Imeachtaí na Bliana 2005
SEOLADH OIFIGIÚIL DEN TREOIR "WHAT'S ON 2005"
Sheol an tUasal Éamon Ó Cuív, An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an "What's On Guide 2005" a d'fhorbair Uiscebhealaí Éireann in Inis Ceithleann an Aoine 20ú Bealtaine.
Is leabhrán 44 leathanach é an Treoir "What's On 2005" ina bhfuil dátaí, ionaid agus sonraí teagmhála na nImeachtaí a bheidh ar bun i mbliana ar feadh conair 6 mhíle ón dá thaobh de na 7 n-uiscebhealaí atá laistigh de dhualgas Uiscebhealaí Éireann. Tá na hImeachtaí chomh héagsúil leis na huiscebhealaí féin, agus áirítear orthu:
AerSheónna; Geallta Iomartha; Railithe Bád; Comórtais Seoltóireachta, Iomartha agus Cadhcála; Taispeántais; Siúlóidí Gairdíní; Féilte Ealaíon, Pobail agus Ceoil; Scoileanna Samhraidh Comhshaoil agus go leor eile nach iad. Beidh an Treoir "What's On 2005" ina ábhar spéise do gach aon duine a thabharfaidh cuairt ar na huiscebhealaí intíre, a bhfuil bád acu nó a bhfuil sé i gceist acu cuairt a thabhairt ar na huiscebhealaí ar saoire.
Mhol an tAire Uiscebhealaí Éireann as ucht treoir chomh úsáideach agus a bhfuil an oiread sin eolais inti a tháirgeadh, agus bhí an méid seo le rá aige, "beidh an treoir mar bhuntáiste mór do na pobail áitiúla agus do na cuairteoirí go léir a thagann chuig na huiscebhealaí".
Is iad na huiscebhealaí atá faoi dhualgas Uiscebhealaí Éireann ná Loingseoireacht an Bhanna Íochtair, Córas na hÉirne, Uiscebhealach na Sionainne-na hÉirne, Loingseoireacht na Sionainne, Loingseoireacht na Bearú, An Chanáil Mhór agus An Chanáil Ríoga
Cuireann Uiscebhealaí Éireann an Treoir "What's On" ar fáil gach bliain agus scaiptear saor in aisce é chuig margaí áitiúla agus náisiúnta araon.
Is féidir cóipeanna den Treoir "What's On 2005" a fháil saor in aisce ó Rannán Margaíochta agus Cumarsáide Uiscebhealaí Éireann ag 00 44 28 66346 219 (Inis Ceithleann) nó ag 00 353 71 9650787 (Cora Droma Rúisc).
- críoch -
Tuilleadh eolais ó:
Aoife Morrissy Uasal, Margaíocht agus Cumarsáid, Uiscebhealaí Éireann,
00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412, nó
Martin Dennany, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide, Uiscebhealaí Éireann, 00 44 28 66346203.
Dáta: 25.05.2005
PR050015

Ag Ócáid Sheolta Threoir "Imeachtaí na Bliana 2005" de chuid Uiscebhealaí Éireann, ó chlé, John Martin, Príomhfheidhmeannach, Uiscebhealaí Éireann agus Éamon Ó Cuív, T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Ionad: Inis Ceithleann.
