Skip to: Main Content -- Roghnaigh Teanga: English | Irish | Ulster Scots
 

Uiscebhealaí Éireann

Tá Uiscebhealaí Éireann ar cheann de shé Chomhlacht Feidhmiúcháin Thuaidh Theas a bunaíodh faoi Chomhaontú na Breataine- na hÉireann i 1999.

Tá Uiscebhealaí Éireann freagrach as na huiscebhealaí loingseoireachta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a dheisiú do chríocha áineasa go príomha. Is hiad na huiscebhealaí atá faoi dhualgas an chomhlachta ná Loingseoireacht an Bhearú, Córas na hÉirne, An Chanáil Mhór, An Bhanna Íochtair, An Chanáil Ríoga, Uiscebhealach na Sionainne-na hÉirne agus Loingseoireacht na Sionainne.

Tá ceannceathrú Uiscebhealaí Éireann in Inis Ceithleann, agus tá oifigí réigiúnacha lonnaithe i gCora Druma Rúisc, i mBaile Átha Cliath agus sa Scairbh.

Struchtúr Eagrúcháin Uiscebhealaí Éireann


 
 
Designed & Developed by Biznet biznet logo