Oscailt Lamairne Uasghrádaithe
OSCAILT LAMAIRNE UASGHRÁDAITHE AG RIVERVIEW IN INIS CEITHLEANN
Tá Uiscebhealaí Éireann mórtasach a fhógairt go mbeidh Lamairne Riverview nua agus uasghrádaithe ag Sráid na Banríona in Inis Ceithleann oscailte don phobal an Aoine 8ú Iúil 2005. Ag costas thart ar £100,000 tá an tionscadal mar chuid den infheistíocht leanúnach atá Uiscebhealaí Éireann a dhéanamh in infrastruchtúir fóillíochta Chóras na hÉirne.
Tá uasghrádú déanta ar an lamairne adhmaid daingnithe a bhí ann go dtí saoráid nua-aimseartha ar snámh a éascóidh rochtain air agus ón uisce cibé cé na leibhéil uisce a bheidh ann. Tá an lamairne nua 100 méadar ar leithead agus freastalóidh sé ar 10 mbád ar a laghad. Sa bhreis air sin, tá ardán ar snámh ag leibhéal níos ísle curtha isteach chun ligean do lucht canúnna dul isteach agus amach as an uisce. Ón lamairne, beidh úsáideoirí bád ábalta rochtain a dhéanamh ar lár an bhaile agus ar an limistéar picnice agus taitneamhachta tírdhreachtaithe nua ag Sráid na Banríona a d'fhorbair Comhairle Ceantair Fhear Manach.
Is é obair uasghrádaithe Lamairne Riverview ranníocaíocht Uiscebhealaí Éireann i Scéim Boulevard Bhóthar na Banríona Eilís ar fiú £1.3 milliún í agus atá á feidhmiú ag Comhairle Ceantair Fhear Manach mar chuid de Phlean Forbartha Lánpháirtithe Inis Ceithleann. Is í an Roinn Forbartha Sóisialach príomhurraí Thionscadal Boulevard agus táthar ag soláthar maoiniú de £1.2 milliún.
Ritheann an Scéim ó Shráid na Banríona go dtí an droichead ag Ionad Clinton agus áirítear ann bealaí rothaíochta agus siúlóide nua agus feabhsaithe araon, tírdhreachú, soilse sráide agus seastáin iascaireachta. Táthar ag súil go dtabharfar an tionscadal chun críche go luath i Nollaig 2005.
Is é Uiscebhealaí Éireann an comhlacht feidhmiúcháin Thuaidh/Theas atá freagrach as na córais uiscebhealaí loingseoireachta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a dheisiú, chun críocha áineasa go príomha, lena n-áirítear Córas na hÉirne.
- críoch -
Tuilleadh eolais ó:
Aoife Morrissy Uasal, Margaíocht agus Cumarsáid, Uiscebhealaí Éireann,
00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412. Nó:
Robert Gibson, Stiúrthóir Fóillíochta, Turasóireacht agus Ealaíon, Comhairle Ceantair Fhear Manach, 028 66 325050 nó 048 66 325050
Dáta: 08.07.2005
PR050020
