Skip to: Main Content -- Roghnaigh Teanga: English | Irish
 

Féile iascaireachta Chlasaic..

FÉILE IASCAIREACHTA CHLASAICEACH UISCEBHEALAÍ ÉIREANN
TORTHAÍ

Tháinig Féile Iascaireachta Chlasaiceach Uiscebhealaí Éireann 2005 chun deiridh Dé hAoine 13ú Bealtaine tar éis seachtain iontais. Bhí an t-adh le Rod Scott ag deireadh na seachtaine, cuairteoir Sasanach as Northwich a chaitheann go leor ama i bhFear Manach nuair a ghabh sé 59kg 940gms ó roinn Rossahilly de Loch Éirne Íochtair. Thug sin a iomlán don tseachtain go dtí 104kg 2580gms, an meáchan is airde a bhuaigh an Fhéile Chlasaiceach ó 1992, agus fuair sé an duais is airde de £3,000 agus an trófaí Criostail a mbíonn an-tóir air.

Is é an slatiascaire áitiúil, Gordon Williams as Florencecourt a ghabh 58 kgs 810 gms a ghlac leis an dara háit tríd is tríd i bhFéile Chlasaiceach Uiscebhealaí Éireann agus cuairteoir Sasanach eile Raymond Thompson a chríochnaigh sa tríú háit tríd is tríd le meáchan foriomlán de 52 kgs 10 gms. Is é Phil McCaffrey an chéad slatiascaire áitiúil eile as Lios Béal Átha a tháinig sa chúigiú áit.

Tá dath breá ar na 310 slatiascaire de bharr na dea-aimsire agus na gréine le seachtain anuas, ach níorbh í an aimsire is fearr don iascaireacht í agus bhí an líon iasc a gabhadh síos go mór ar líon na bliana anuraidh. Tá eagraithe na Féile Clasaicí ag breithniú cad iad na hathruithe a bheidh le déanamh ar leagan amach na féile don chéad bhliain eile, chun feabhas a chur ar mar a éireoidh leis na slatiascairí a bheidh in iomaíocht.

Comhairle Ceantair Fhear Manach a eagraíonn an Fhéile Iascaireachta Chlasaiceach atá urraithe don tríú bliain ag Uiscebhealaí Éireann, an comhlacht feidhmiúcháin Thuaidh/Theas atá freagrach as an gcóras uiscebhealaí loingseoireachta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a athchóiriú.

- críoch -

Tuilleadh eolais ó:

Aoife Morrissy Uasal, Margaíocht agus Cumarsáid, Uiscebhealaí Éireann, 00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412, nó
Martin Dennany, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide, Uiscebhealaí Éireann, 00 44 28 66346203.

Dáta: 14.05.2005
PR050014


 
 
Designed & Developed by Biznet biznet logo