Oifig nua i gCora Droma Rúisc
OIFIG RÉIGIÚNACH NUA UISCEBHEALAÍ ÉIREANN I GCORA DROMA RÚISC
CRUINNIÚ POIBLÍ
Ar an Máirt 6ú Meán Fómhair, d'eagraigh Uiscebhealaí Éireann cruinniú poiblí in Óstán Landmark i gCora Droma Rúisc chun dearcaí ó pháirtithe leasmhara a bhreithniú mar chuid den phróiseas comhairliúcháin don Oifig Réigiúnach Nua Uiscebhealaí Éireann atá beartaithe i gCorr Tobair, Cora Droma Rúisc.
D'fhreastail thart ar 280 áititheoirí áitiúla agus páirtithe leasmhara ar an gcruinniú chun aiseolas a thabhairt ar an bhfoirgneamh atá beartaithe agus ar an suíomh. Le linn an chruinnithe, rinne Uiscebhealaí Éireann agus an OPW cuir i láthair. Bhí samhail den fhoirgneamh mar aon le líníochtaí agus pleananna ar taispeáint freisin. Ba deis a bhí sa chruinniú dhá uaire d'Uiscebhealaí Éireann éisteacht le gach tuairim agus ábhar imní maidir leis an bhfoirgneamh atá beartaithe agus an suíomh, agus déanfar breithniú orthu anois sula ndéanfar cinneadh críochnaitheach ar cibé an leanfar ar aghaidh chuig na céimeanna pleanála nó nach leanfar.
Tá Uiscebhealaí Éireann, an Comhlacht Feidhmiúcháin Thuaidh/Theas is mó a bunaíodh tar éis Comhaontú na Breataine-na hÉireann i 1999, freagrach as na huiscebhealaí loingseoireachta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a dheisiú.
Tar éis cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i Meitheamh 2000, comhaontaíodh go mbeadh Oifig Réigiúnach an Tuaiscirt d'Uiscebhealaí Éireann lonnaithe i gCora Droma Rúisc mar aitheantas ar an tábhacht straitéiseach atá leis an mbaile atá suite in aice an uisce agus an méid a chuireann an t-uiscebhealach leis an eacnamaíocht áitiúil. Tá Uiscebhealach na hÉirne-na Sionainne, Córas na hÉirne agus Loingseoireacht an Bhanna Íochtair (a ritheann ó Loch nEathach, ó thuaidh go dtí an fharraige ag Cúil Raithin mar chuid de Réigiún Thuaidh Uiscebhealaí Éireann). Chomh maith leis sin, beidh oifig Réigiúnach an Tuaiscirt mar an bhunáit d'fhoireann Oibríochtaí Thuaisceart na Sionainne agus d'fhoireann Margaíochta agus Cumarsáide Thuaisceart na Sionainne.
- críoch -
Tuilleadh eolais ó:
Aoife Morrissy Uasal, Margaíocht agus Cumarsáid, Uiscebhealaí Éireann, 00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412. Nó:
Martin Dennany, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide, Uiscebhealaí Éireann, 00 44 28 66346203.
Dáta: 07.09.2005
PR050023
