Oifig Réigiúnach nua
UISCEBHEALAÍ ÉIREANN
OIFIG RÉIGIÚNACH NUA I GCORA DROMA RÚISC
COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ
Tá Uiscebhealaí Éireann ar cheann de shé Chomhlacht Feidhmiúcháin Thuaidh/Theas a bunaíodh tar éis Chomhaontú na Breataine-na hÉireann i 1999. Tá Uiscebhealaí Éireann, an Comhlacht Feidhmiúcháin is mó de na Comhlachtaí Feidhmiúcháin Thuaidh/Theas freagrach as na córais uiscebhealaí loingseoireachta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a dheisiú.
Tar éis cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i Meitheamh 2000, comhaontaíodh go mbeadh Oifig Réigiúnach an Tuaiscirt d'Uiscebhealaí Éireann lonnaithe i gCora Droma Rúisc mar aitheantas ar an tábhacht straitéiseach atá leis an mbaile atá suite in aice an uisce agus an méid a chuireann an t-uiscebhealach leis an eacnamaíocht áitiúil. Tá Uiscebhealach na hÉirne-na Sionainne, Córas na hÉirne agus Loingseoireacht an Bhanna Íochtair (a ritheann ó Loch nEathach, ó thuaidh go dtí an fharraige ag Cúil Raithin mar chuid de Réigiún Thuaidh Uiscebhealaí Éireann). Chomh maith leis sin, beidh oifig Réigiúnach an Tuaiscirt mar an bhunáit d'fhoireann Oibríochtaí Thuaisceart na Sionainne agus d'fhoireann Margaíochta agus Cumarsáide Thuaisceart na Sionainne.
Tá sé i gceist ag Uiscebhealaí Éireann foirgneamh ar leith d'ardchaighdeán a thógáil ag suíomh in aice an uisce a éascóidh rochtain ar an Oifig Réigiúnach do chustaiméirí a thagann ar an uisce nó ar an mbóthar.
Tá an suíomh atá beartaithe don Oifig Réigiúnach nua ag Corr Tobair faoi úinéireacht Uiscebhealaí Éireann. Beidh an foirgneamh atá beartaithe lonnaithe taobh thiar de chrainn fhásta atá ar an suíomh, agus clúdóidh an foirgneamh thart ar aon cheathrú den suíomh. Beidh achar an fhoirgnimh 1000m2 le 19 spás páirceála faoi thalamh, urlár na talún, chéad urlár agus dian léibheannach. Áireofar le tógáil an fhoirgnimh thart ar 100m de lamairní poiblí a fhreastalóidh ar suas le 10 soithíoch. Beidh na saoráidí sin ar na chéad feistithe poiblí taobh thoir den abhainn agus soláthróidh siad rochtain ar Chorr Tobair ón uisce.
Tá cruinniú comhairliúcháin phoiblí socraithe don Mháirt 6ú Meán Fómhair ag 7.30pm in Óstán Landmark, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma. Beidh an cruinniú poiblí ar siúl chun dearcaí na bpáirtithe leasmhara a fháil mar chuid den phróiseas comhairliúcháin don oifig réigiúnach nua atá beartaithe do Uiscebhealaí Éireann i gCorr Tobair, Cora Droma Rúisc. Beidh fáilte roimh gach páirtí leasmhara a bheith i láthair. Beidh samhail den Oifig Réigiúnach nua atá beartaithe le feiceáil in oifig Uiscebhealaí Éireann, Teach Somerview, Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath, Cora Droma Rúisc, Co. Liatroma roimh an chruinniú. Is iad na hamanna féachana ná 10am - 1pm agus 2.30pm - 5pm, Luan go hAoine. Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis an gcruinniú poiblí, glaoigh ar Uiscebhealaí Éireann ar 071 9650787.
- críoch -
Tuilleadh eolais ó:
Aoife Morrissy Uasal, Margaíocht agus Cumarsáid, Uiscebhealaí Éireann, 00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412. Nó:
Martin Dennany, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide, Uiscebhealaí Éireann, 00 44 28 66346203.
Dáta: 02.09.2005
PR050022
