Calafoirt Nua ag Portrunny
FORBAIRT €1.2M D'FHEISTIÚ AGUS CALAFOIRT NUA AG PORTRUNNY, Co. ROS COMÁIN.
Tá Uiscebhealaí Éireann fíor-shásta a fhógairt go mbeidh feistiú nua á oscailt d'úsáideoirí bád ar Loch Rí ag Portrunny, Co. Ros Comáin.
Tá obair ar an gcalafort agus ar an bhfeistiú ar Loingseoireacht na Sionainne ag Portrunny, a thosaigh in Iúil na bliana anuraidh, á dhéanamh mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta. Bhí costas €1.2m ar na hoibreacha agus áirítear ann suiteáil 250 méadar d'fheistiú ar snámh a fhreastalóidh ar suas le 25 bád le 66 méadar breise d'fheistiú do shoithí níos lú. Síníodh an tonnchosc cloch a bhí ann cheana agus athchumraíodh é chun fothain a sholáthar don fheistiú ar snámh ón ngaoth agus ó na tonnta.
Tá solas agus uisce curtha ar fáil faoi láthair d'úsáideoirí bád agus táthar ag súil go mbeidh obair ar thaitneamhachtaí breise, lena n-áirítear soláthar bloc seirbhíse le leithris agus saoráidí ceatha, agus limistéar páirceála carr ann faoi dheireadh na bliana.
Tagann an feistiú agus an calafort faoi dhualgas Uiscebhealaí Éireann, an comhlacht feidhmiúchán Thuaidh/Theas atá freagrach as na córais uiscebhealaí loingseoireachta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a dheisiú, lena n-áirítear Loingseoireacht na Sionainne.
- críoch -
Tuilleadh eolais ó:
Ms. Aoife Morrissy Uasal, Margaíocht agus Cumarsáid, Uiscebhealaí Éireann,
00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412, nó
Martin Dennany, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide, Uiscebhealaí Éireann, 00 44 28 66346203.
Dáta: 09.05.2005
PR050011

Deiseanna Feistithe Nua i gCaladh Portrunny, Loch Rí, Co. Ros Comáin.
