Seó Bád Londain
UISCEBHEALAÍ ÉIREANN AG SEÓ BÁD LONDAIN
Bhí taispeántas ag Uiscebhealaí Éireann, An Comhlacht Feidhmiúcháin Thuaidh/Theas atá freagrach as na córais uiscebhealaí loingseoireachta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a dheisiú ar fud an oileáin, chun críocha áineasa go príomha, ag Seó Bád Londain 2005 ó 6ú Eanáir go 16ú Eanáir, in ionad ExCel i gceantar Dugaí Londain.
Cé go raibh an líon cuairteoirí foriomlán ag an seó síos ar bhlianta roimhe sin, mheall seastán Uiscebhealaí Éireann, a bhí lonnaithe sa roinn Uiscebhealaí Intíre, os cionn 5,000 cuairteoirí le linn an tSeó Bád a bheith ar siúl. Is ionann sin agus ardú 100% ar an líon a d'fhreastal ar sheastán Uiscebhealaí Éireann i 2004.
Bhí Uiscebhealaí Éireann fíor-shásta ionadaithe a bheith acu ó roinnt comhpháirtithe trádála le linn an tseó, lena n-áirítear Leisureway Holidays, Shannon Castle Line, Belleek Charter Cruising, Athlone Cruisers, Shannon Sailing, Kingfisher Boating, Carrick Craft agus Locaboat.
Deir John Campbell ó Kingfisher Cruising i mBéal Tairbirt, Co. an Chabháin, "Mar chuideachta saoire - báirsí atá bunaithe as an nua, thug ár rannpháirtíocht le hUiscebhealaí Éireann ag Seó Bád Londain teagmháil den scoth dúinn le margadh an RA agus táimid ag súil go n-aistreoidh an méid spéise a léiríodh inár mbáirsí chuig áirithintí saoire a rachaidh chun tairbhe ár gcuideachta mar aon le heacnamaíochtaí na Sionainne-na hÉirne agus na hÉirne araon". Deir sé freisin, "Bhí na daoine ar fad a thug cuairt ar an seastán fíorshásta ionadaíocht a fheiceáil ó uiscebhealaí na hÉireann agus léirigh siad spéis ollmhór teacht go hÉirinn, Ó Thuaidh agus Ó Theas, cibé mar chuairteoirí a bhí ann cheana nó mar chuairteoirí don chéad uair".
Beidh taispeántas ag Uiscebhealaí Éireann ag Seó Bád Bhaile Átha Cliath, 'Angling Ireland" i mBaile Átha Cliath agus ag "Go Angling" ag an NEC i Birmingham sna míonna amach romhainn.
- críoch -
Tuilleadh eolais ó:
Aoife Morrissy Uasal, Margaíocht agus Cumarsáid, Uiscebhealaí Éireann,
00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412, nó
An tUasal Éanna Rowe, Ceann Margaíochta agus Cumarsáide, Uiscebhealaí Éireann, 00 353 71 9650787 nó 00 353 87 6885963.
Dáta: 27.01.2005
PR050002
