Skip to: Main Content -- Roghnaigh Teanga: English | Irish
 

Treoir Bádóireachta Maith

SEOLADH OIFIGIÚIL DEN TREOIR BÁDÓIREACHTA MAITH

Sheol an tUasal Pat "the Cope" Ó Gallchóir, T.D. Aire na Mara sa Deisceart, an "Good Boating Guide" a d'fhorbair Uiscebhealaí Éireann, Dé Céadaoin 23ú Feabhra ag Seó Bád Bhaile Átha Cliath.

Tugtar treoirlínte sa "Good Boating Guide" maidir le hoibriú bád ar Loingseoireachtaí Uiscebhealaí Éireann, agus spreagtar úsáid fhreagrach uiscebhealaí ar mhaithe le gach úsáideoir uiscebhealaí. Áirítear sa treoir sonraí ar fhodhlíthe arb iad na rialacha loingseoireachta iad a fhorfheidhmíonn Uiscebhealaí Éireann trína Chigireacht Loingseoireachta agus na foirne. Tá fodhlíthe ag sé cinn de na loingseoireachtaí atá faoi dhualgas Uiscebhealaí Éireann agus tá cód deonach ag an Bhanna Íochtair.

Mhol an tAire Uiscebhealaí Éireann as treoir chruinn agus shoiléir a tháirgeadh a deir sé a bhfuil "téama láidir oideachasúil agus sábháilteachta ann síos tríd".

Is hiad na huiscebhealaí atá faoi dhualgas Uiscebhealaí Éireann ná Loingseoireacht an Bhanna Íochtair, Córas na hÉirne, Uiscebhealach na Sionainne-na hÉirne, Loingseoireacht na Sionainne, An Chanáil Mhór agus An Chanáil Ríoga

Is féidir cóipeanna den "Good Boating Guide" a fháil saor in aisce ó Rannán Margaíochta agus Cumarsáide Uiscebhealaí Éireann ag +44 28 66346 219 (Inis Ceithleann) nó ag +353 71 9650787 (Cora Droma Rúisc).

Tuilleadh Eolais ó:

Aoife Morrissy Uasal, Margaíocht agus Cumarsáid, Uiscebhealaí Éireann,
00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412, nó
Martin Dennany, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide, Uiscebhealaí Éireann, 00 44 28 66346203.

- críoch -

Dáta: 28.02.2005
PR050008


TREOIR BÁDÓIREACHTA MAITH

I láthair ag Seoladh Threoir Bádóireachta Stuama Uiscebhealaí Éireann, ó chlé, John Martin, Príomhfheidhmeannach, Uiscebhealaí Éireann; Pat the Cope Ó Gallachóir, T.D., Aire na Mara ó dheas; Martin Dennany, an Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide, Uiscebhealaí Éireann.

Ionad: Taispeántas na mBád Bhaile Átha Cliath, RDS, Baile Átha Cliath.


 
 
Designed & Developed by Biznet biznet logo