Seoladh na dTreoracha Iascaire
Seolann Uiscebhealaí Éireann agus An Príomh-Bhord Iascaigh Sraith Treoracha Deifnídeacha maidir le Slatiascaireacht Canála
Sheol Uiscebhealaí Éireann sraith treoracha deifnídeacha maidir le slatiascaireacht canála ag an Seó Náisiúnta Slatiascaireachta, Cloughran, Sord ar an Satharn, 19ú Feabhra. Díríonn na treoracha ar cheithre ionad: Éadan Doire, Léim an Bhradáin, An Bóthar Buí agus treoir maidir le saoráidí do dhaoine faoi mhíchumas ar an gCanáil Mhór agus ar loingseoireacht an Bhearú.
Oibríonn Uiscebhealaí Éireann agus An Príomh-Bhord Iasaigh go dlúth lena chéile chun na deiseanna slatiascaireachta den scoth atá ar feadh na gCanálacha in Éirinn a chur chun cinn. Is é toradh an chomhoibriú sin ná gur táirgeadh treoracha tagartha áisiúla ina bhfuil eolas cruinn agus cothrom le dáta iontu chun cur ar chumas slatiascairí an méid sásaimh agus is féidir a bhaint as slatiascaireacht. Áirítear sna Treoracha, léarscáileanna, léaráidí, tuairiscí agus treoracha cuimsitheacha maidir le hionaid slatiascaireachta agus réimsí comórtais eile mar aon le sonraí ar pháirceáil, ar phionnaí, ar bhealaí tarraingthe agus eolas eile a bhíonn ag teastáil ó gharbhiascairí cúrsa. Seo é an chéad uair a cuireadh an t-eolas seo le chéile i leabhrán tagartha áisiúil. Scaipfear an treoir saor in aisce chuig gach ionad slatiascaireachta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe.
Bhí an méid seo le rá ag an Seoladh ag Martin Dennany, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide le hUiscebhealaí Éireann, 'Tá Uiscebhealaí Éireann freagrach as na huiscebhealaí loingseoireachta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a athchóiriú go príomha chun críocha áineasa. I 2004, léirigh taighde Uiscebhealaí Éireann gurbh ionann Slatiascaireacht agus 20% de gach gníomhaíocht ar na huiscebhealaí agus mar aitheantas ar an tábhacht atá le Slatiascaireacht agus le súil agus an acmhainn sin a fhorbairt níos mó fós, d'fhorbair Uiscebhealaí Éireann an tsraith Treoracha Slatiascaireachta atá á seoladh anseo inniu. Sa bhreis air sin, tá an 'Facilities for Disabled Anglers on the Grand Canal and Barrow Navigation Guide' ar cheann de roinnt tionscnamh atá á dtabhairt isteach ag Uiscebhealaí Éireann mar chuid d'fhorbairt polasaí 'Rochtain do Chách' a bhfuil i gceist leis rochtain níos leithne ar na huiscebhealaí mar aon le feabhas a chur ar rochtain ar eolas ar shaoráidí Uiscebhealaí Éireann'
Bhí an méid seo le rá ag an Dochtúir Joe Caffrey, Oifigeach Taighde Sinsearach, An Príomh-Bhord Iascaigh, freisin 'Táim mórtasach a bheith rannpháirteach sa tionscadal nuálach seo agus tá súil againn gur tús é an tsraith seo de thionscnaimh eile chun slatiascaireacht canála a chur chun cinn in Éirinn. Tá go leor taithí ag an bPríomh-Bhord Iascaigh le os cionn 25 bliain anuas maidir le gach gné den iascaireacht. Dá réir sin, d'fháiltíomar roimh an deis ár saineolas a roinnt le hUiscebhealaí Éireann chun na treoracha tagartha áisiúla seo a tháirgeadh.
Is féidir cóipeanna de gach ceann den cheithre Threoir Slatiascaireachta Canála Deifnídeacha a fháil saor in aisce ó Rannán Margaíochta agus Cumarsáide Uiscebhealaí Éireann ag +353 71 9650787 (Cora Droma Rúisc) nó ag +44 28 66346 219 (Inis Ceithleann).
.....críoch.....
Do thuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Aoife Morrissy Uasal, Margaíocht agus Cumarsáid, Uiscebhealaí Éireann,
00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412, nó Hazel Dobbyn, Oifigeach PR, An Príomh-Bhord Iascaigh, 00 353 1 8842656/00353 87 9918608
