Skip to: Main Content -- Roghnaigh Teanga: English | Irish
 

Comhionannais

Tá Uiscebhealaí Éireann ainmnithe mar chomhlacht lena mbaineann gach gné d'Alt 75 d'Acht Thuaisceart Éireann 1998. Sa bhreis air sin, mar Chomhlacht Thuaidh/Theas, comhlíonann Uiscebhealaí Éireann Achtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998 agus 2004 agus na hAchtanna um Stádas Comhionann, 2000 agus 2004, an reachtaíocht comhionannais chuí i nDeisceart na hÉireann.

Leagann Scéim Chomhionannais Uiscebhealaí Éireann, a ceadaíodh i Meán Fómhair 2002, amach tiomantas láidir na heagraíochta ó thaobh comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus caidrimh mhaithe ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna sin. Cliceáil anseo le do thoil chun cóip den Scéim Chomhionannais a fháil.

Bunaíodh Tascghrúpa Saincheisteanna Comhionannais Uiscebhealaí Éireann chun tacú agus chun comhairle a thabhairt ar chur chun cinn agus forbairt comhionannais laistigh den eagraíocht. Gach bliain, forbraítear clár oibre bliantúil chun cuidiú le tacaíocht a thabhairt do chomhionannas agus comhionannas a sheachadadh trí obair Uiscebhealaí Éireann agus chun cuidiú leis an eagraíocht na tiomantais atá laistigh den Scéim Chomhionannais a chomhlíonadh. Déanann an Tascghrúpa Saincheisteanna Comhionannais an clár a phleanáil agus a bhainistiú. Cliceáil anseo le do thoil chun cóip den Chlár Oibre Comhionannais 2005 a fháil.

Le linn 2005, bhreithnigh an Tascghrúpa Saincheisteanna Comhionannais torthaí ó Shuirbhé Comhionannais Úsáideoirí na nUiscebhealaí a tugadh chun críche i 2004, agus is éard a bhí i gceist leis ná a aimsiú an raibh aon cheann de na grúpaí a bhfuil Uiscebhealaí Éireann tiomanta comhionannas deiseanna a chur chun cinn le sonrú mar úsáideoirí ar na huiscebhealaí. Cuireadh na torthaí a bailíodh i gcomparáid le sonraí daonáirimh, nuair a bhí sin ar fáil. Cliceáil anseo le do thoil chun cóip den tuarascáil taighde iomlán a fháil.

Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le haon ghné de Scéim Chomhionannais Uiscebhealaí Éireann a fháil nó na príomhthascanna atá i gClár Oibre Comhionannais 2005, téigh i dteagmháil le do thoil le Dawn Livingstone.

Scéim Chomhionannais Uiscebhealaí Éireann

 


 
 
Designed and Developed by Biznet IIS