Lá 2 Féile Iascaireachta
FÉILE IASCAIREACHTA CHLASAICEACH UISCEBHEALAÍ ÉIREANN
LÁ 2
Lean Féile Iascaireachta Chlasaiceach Uiscebhealaí Éireann 2005 ar aghaidh inné (Dé Céadaoin), agus bhí an 310 slatiascaire atá in iomaíocht le feiceáil ar bhruacha Loch Éirne agus an ghrian ag taitneamh gan staonadh - aimsir bhreá le bheith ag déanamh bolg le gréine ach ní don iascaireacht faraor. Bhí mí-oiriúnacht na haimsire le sonrú sa líon iasc a gabhadh, líon a bhí síos go mór ar anuraidh.
Is é an slatiascaire áitiúil, Gordon Williams as Florencecourt a bhuaigh an duais £500 don iasc is mó ar an lá, 27 kgs 590gms ó roinn Ely Lodge, áit a bhfuil an-tóir air, agus ba é iarbhuaiteoir an Chlasaicigh Allan Dolbhy as Coventry a bhuaigh an dara duais le 24 kgs 030gms, ag Ely Lodge freisin.
Ba é an slatiascaire Raymond Thompson as Macclesfield a tháinig sa tríú háit inné, le 21kg 540 gms ó roinn Portora agus tá sé anois chun cinn san imeacht foriomlán agus é ag dul isteach ag lá deiridh an chomórtais Dé hAoine.
Tá an slatiascaire áitiúil, Phil McCaffrey as Lios Béal Átha, sa cheathrú áit in iomlán agus níl Gordon Williams i bhfad taobh thiar dó sa chúigiú áit.
Is é inniu (Déardaoin) an dara lá de chomórtas Rí na hÉirne, a reáchtáltar i gcomhar le seachtain Fhéile Uiscebhealaí Éireann.
Comhairle Ceantair Fhear Manach a eagraíonn an Fhéile Iascaireachta Chlasaiceach atá urraithe don tríú bliain ag Uiscebhealaí Éireann, an comhlacht feidhmiúcháin Thuaidh/Theas atá freagrach as an gcóras uiscebhealaí loingseoireachta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a athchóiriú.
- críoch -
Tuilleadh eolais ó:
Aoife Morrissy Uasal, Margaíocht agus Cumarsáid, Uiscebhealaí Éireann, 00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412, nó
Martin Dennany, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide, Uiscebhealaí Éireann, 00 44 28 66346203.
Dáta: 12.05.2005
PR050013
