Lá 1 Féile Iascaireachta
FÉILE IASCAIREACHTA CHLASAICEACH UISCEBHEALAÍ ÉIREANN
LÁ 1
Cé go raibh an ghrian ag taitneamh, shéid gaoth fhuar ar Loch Éirne inniu agus 309 iascaire agus aon slatiascaire mná amháin in iomaíocht ar an gcéad lá d'Fhéile Iascaireachta Chlasaiceach Uiscebhealaí Éireann 2005. Aimsir the, mharbhánta agus thais is fearr do chomórtas garbhiascaireachta, agus mar sin ní í aimsir an lae inniu an aimsir is fearr le heagraithe na féile agus léiríodh sin ar an méid iasc a fuarthas, líon a bhí síos go mór ar fhigiúirí na bliana anuraidh.
Cé nach í an aimsir is oiriúnaí a bhí ann do chomórtas iascaireachta, gabhadh roinnt éisc, go háirithe sna ranna Rossahilly agus Ely Lodge i Loch Éirne Íochtair.
Is é an cuairteoir rialta as Sasana, Rod Scott as Northwich, atá in éineacht lena athair Mal agus atá ar cheann de roinnt foirne athair agus mac ag iascaireacht san fhéile chlasaiceach, a ghabhaigh 33kg 370gms ó phionna 7 ag Foraois Ely agus bhuaigh sé seic an bhuaiteora ar an gcéad lá de £500 dá bharr, cuairteoirí as Sasana, Matthew Hall as Nottingham a chroch leis an dara áit agus Raymond Thompson as Macclesfield a tháinig sa tríú háit, agus bhuaigh siad £350 agus £250 faoi seach don méid a ghabh siad i roinn Rossahilly.
Is é Phil McCaffrey as Lios Béal Átha an slatiascaire áitiúil is fearr ar éirigh leis, agus ghlac leis an ceathrú áit in iomlán le gabháil 23kg 240 gms ó roinn Rossahilly agus é ag dul isteach sa dara lá i bhFéile Chlasaiceach Uiscebhealaí Éireann, Dé Céadaoin.
Tá na heagraithe ag súil go meallfaidh an aimsir níos teo atá geallta don chuid eile den tseachtain na héisc agus go mbeidh an 30ú Féile Iascaireachta Chlasaiceach ar cheann iomráiteach do shlatiascairí, mar tá go leor de na hiascairí sin ag iascaireacht i bhFear Manach le 20 bliain nó níos mó.
Comhairle Ceantair Fhear Manach a eagraíonn an Fhéile atá urraithe don tríú bliain ag Uiscebhealaí Éireann, an comhlacht feidhmiúcháin Thuaidh/Theas atá freagrach as an gcóras uiscebhealaí loingseoireachta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a athchóiriú.
- críoch -
Tuilleadh eolais ó:
Aoife Morrissy Uasal, Margaíocht agus Cumarsáid, Uiscebhealaí Éireann, 00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412 nó
Martin Dennany, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide, Uiscebhealaí Éireann, 00 44 28 66346203.
Dáta: 10.05.2005
PR050012
