Oscailt Cleighran More
OSCAILT CLEIGHRAN MORE, LOCH AILLIONN AGUS SEOLADH FHÉILE LOCH AILLIONN
Is é an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív, An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ar Chalafort Cleighran More in aice le Baile na gCléireach i gContae Liatraoma ar chósta thoir Loch Aillionn ag 2.00pm an Aoine 03 Meitheamh 2005.
Thosaigh tionscadal Chalafort Cleighran More a rinne Uiscebhealaí Éireann, i mBealtaine 2004 agus maoineadh é mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta ag costas thart ar €500,000. Áirítear leis an tionscadal athsholáthar sean-lamairní nach raibh cosanta agus a bhí ar aghaidh na gaoithe ar Loch Aillionn agus tógadh cosaint tonnchoisc nua chun cosaint a thabhairt do bháid a bhíonn ar ancaire ó thonnta a chruthaíonn an ghaoth ón iardheisceart a théann thar an loch. Tógann na lamairní nua 16 bád. Áirítear leis an tionscadal freisin, carrchlós nua agus rochtain nua ón mbóthar chun rochtain a éascú do na seirbhísí éigeandála.
Beidh an Oscailt ar siúl ag an am céanna le seoladh chéad Fhéile Loch Aillionn a mbeidh gníomhaíochtaí éagsúla ann chun freastal ar gach aois lena n-áirítear An Comórtas Clársheoltóireacht Saorstíle Náisiúnta, turais bád saor in aisce ar Loch Aillionn, Dúsláin Rafta agus seisiúin blas Cadhcanna agus Clársheoltóireachta, agus iad ar fad urraithe ag Uiscebhealaí Éireann. Tá an Fhéile á cur chun cinn ag Comhpháirtíocht Turasóireachta Bhaile na gCléireach - Boho, an tionscnamh éicthurasóireachta trasteorann.
Is é Uiscebhealaí Éireann an comhlacht feidhmiúchán atá freagrach as na huiscebhealaí loingseoireachta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a dheisiú, lena n-áirítear Loingseoireacht na Sionainne, chun críocha áineasa go príomha.
- críoch -
Tuilleadh eolais ó:
Ms. Aoife Morrissy, Margaíocht agus Cumarsáid,
Uiscebhealaí Éireann, 00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412, nó
Martin Dennany, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide, Uiscebhealaí Éireann, 00 44 28 66346203.
Dáta: 30.05.2005
PR050016
