Iascaireachta chlasaiceach
SEOLADH FHÉILE IASCAIREACHTA CHLASAICEACH UISCEBHEALAÍ ÉIREANN 2005
Beidh Féile Bhliantúil Iascaireachta Chlasaiceach Uiscebhealaí Éireann 2005 ar siúl ón Domhnach 8 Bealtaine go dtí an Aoine 13ú Bealtaine. Osclóidh an Fhéile le Fáiltiú d'iomaitheoirí an Domhnach 8ú Bealtaine, tosóidh an comórtas an Luan 9ú Bealtaine agus tabharfar an Fhéile chun críche le Mórcheiliúradh agus le Bronnadh Duaiseanna an Aoine 13ú Bealtaine.
Is clochmhíle shuntasach í an bhliain seo don Fhéile, mar tá an Fhéile ar siúl ar feadh 30 bliain i mbliana. Meastar go meallfaidh an Fhéile, atá ar cheann de phríomhimeachtaí an Fhéilire Slatiascaireachta Idirnáisiúnta agus atá ar an bpríomhimeacht i séasúr iascaireachta comórtais Fhear Manach, os cionn 300 slatiascaire ó Thuaisceart Éireann, ó Phoblacht na hÉireann, ón mBreatain, ón nGearmáin, ón Ostair agus níos faide ó bhaile fiú, agus táthar ag súil go bhfillfidh buaiteoirí agus iomaitheoirí ón am atá caite chun ceiliúradh a dhéanamh ar an 30ú Féile.
Thar an cúig lá, beidh slatiascairí in iomaíocht do bhreis agus £20,000 de dhuaiseanna agus beidh duaiseanna sraithe agus laethúla ann freisin mar aon le duaiseanna iomlána. Beidh an "Comórtas Clasaiceach" ar siúl an Luan, an Céadaoin agus an Aoine agus cuirfidh "Rí na hÉirne", urraithe ag Willie Ramblers, deireadh leis an bhFéile Dé Máirt agus Déardaoin.
Comhairle Ceantair Fhear Manach a eagraíonn an Fhéile atá urraithe don tríú bliain ag Uiscebhealaí Éireann, an comhlacht feidhmiúcháin Thuaidh/Theas atá freagrach as an gcóras uiscebhealaí loingseoireachta intíre a bhainistiú, a chothabháil, a fhorbairt agus a athchóiriú.
Is féidir foirmeacha iontrála a fháil ó Chomhairle Ceantair Fhear Manach, Halla an Bhaile, Inis Ceithleann, Co. Fhear Manach, BT74 7BA nó trí ghlaoch ar +44 (0)28 6632 5050.
- críoch -
Tuilleadh eolais ó:
Aoife Morrissy Uasal, Margaíocht agus Cumarsáid, Uiscebhealaí Éireann, 00 353 71 9650787 nó 00 353 87 9918412. Nó:
An tUasal Martin Dennany, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide,
Uiscebhealaí Éireann, 00 44 28 66346203.
Dáta: 25.04.2004
PR050010

Ag seoladh Fhéile Chlasaiceach Iascaireachta Uiscebhealaí Éireann (ó chlé) Gerry McHugh, Cathaoirleach Chomhairle Ceantair Fhear Manach; Kirsty Stewart, Miss Northern Ireland; Eddie McGovern, Eagraí na Féile, Comhairle Ceantair Fhear Manach; agus Martin Dennany, an Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide, Uiscebhealaí Éireann.
Ionad: Inis Ceithleann
