Waterways Ireland ePortal
Waterways Ireland ePortal
    Thu 18 March 2010
 


Comhshaoil agus Oidhreachta

POLASAÍ COMHSHAOIL AGUS OIDHREACHTA UISCEBHEALAÍ ÉIREANN


Tá luach intreach ag na huiscebhealaí intíre mar cheantair ag a bhfuil luach éiceolaíochta, seandálaíochta, ailtireachta, innealtóireachta agus stairiúil; tá suntas réigiúnach agus idirnáisiúnta acu de bharr a méid agus a fairsinge geografach laistigh d'Éirinn. Braithfidh mar a éireoidh le gníomhaíochtaí Uiscebhealaí Éireann ar cháilíocht chomhshaoil na n-uiscebhealaí.

Dá thoradh sin, chun úsáid na n-uiscebhealaí a spreagadh mar chórais loingseoireachta agus mar chomhshaoil áineasa a chuireann le stádas sóisialta agus eacnamaíochta an oileáin, aithníonn Uiscebhealaí Éireann an gá atá lena líonra tiomanta ar fud an oileáin a chaomhnú agus a bhainistiú, mar acmhainní lena mbaineann suntas comhshaoil agus oidhreachta mar aon le feasacht an t-suntais sin a chur chun cinn do chách.

Mar aitheantas air sin, tá Uiscebhealaí Éireann i mbun próisis polasaí comhshaoil agus oidhreachta a fhorbairt mar aon le cóid chleachtais chun cosaint a thabhairt do na uiscebhealaí intíre agus lena chinntiú go bhforbrófar iad agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar shlí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.